Gaeilgear an BBC
Dé Luain 22:00 BBC2
Scoth na siamsaíochta ar ais le Tomaí Ó Conghaile agus Gráinne McElwain; gach Luan ag 22:00 ar BBC2.
Dé Luain, 19:30 BBC2
Filleann Máire Bhreathnach agus Jarlath Burns leis an chlár cáiliúil faoi chúrsaí tuaithe. Gach tráthnóna Dé Máirt ag 7:30in ar BBC2.
Ó Ghaeltacht Bhéal Feirste go dtí an Bhrasaíl, féach siar ar an chlár ar an BBC iPlayer!
Sunday 22 May 2011 Dé Luain 22 Bealtaine 2011 BBC2TÉ
I 1943 phléasc buama ón Dara Cogadh Domhanda ar an trá i mBaile Mhánais agus maraíodh 19 fear óg ón cheantar. Sa chlár seo déanann Dónall Mac Ruairí fiosrú ar imeachtaí an lae sin agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis.
Scéal Charles Byrne agus ceangal le gaolta an lae inniu?
Sraith teilifíse faoi thréimse thábhachtach imeacht na nIarlaí sa 17ú haois.
Amharc ar shuíomh idirlín idirghníomhach, dhátheangach: http://www.bbc.co.uk/tv/features/flightoftheearls/
Labhrann ceoltóirí faoin tábhacht a bhaineann leis na foinn is fearr leo. Cuireann siad síos ar na na cuimhní cinn agus ar na mothúcháin a dhúisíonn siad agus ar na háiteanna atá ceangailte leo ina n-aigne.
Leagan Gaeilge den tsraith teilifíse ‘Tellytales’ a dhéanann finnscéalta ó thíortha ar fud an domhain a chur i láthair ar dhóigh spreagúil agus spraoiúil.
Ceiliúradh ar roinnt de na sainchomharthaí tíre is suntasaí agus is mó cáill i dTuaisceart na hÉireann, scríofa ag Gaeilgeoirí aitheanta.
Sraith chorraitheach i ndeich bpáirt. Gach seachtain nochtann triúr éagsúil eispéireas a bhfíorshaolta, dlúthfhite ar théama faoi leith. Cad é a scéal? Clár faisnéise suimiúil a thugann léargas domhain ar ár ndaonnacht.
Cuireann Tomaí Ó Conghaile agus Gráinne McElwain ceoltóirí agus aoichainteoirí inár láthair in Ionad Éigse Sheáin Uí Chuilleanáin in Iúr Cinn Trá. Ceol agus cuideachta den scoth.
Is clár foghlama do pháistí óga bunscoile é Na Dódaí. Leanann an clár saolta na nDódaí - Nóra, Ruairí, Róise agus Naoise - a bhfuil cónaí orthu i dteach mór ildaite. Cuireann siad lúchair ar pháistí agus iad ag damhsa, ag canadh agus ag éisteacht le scéalta.
Seacht! Eachtraí seachtar mac léinn a théann i mbun staidéir in acadamh taibh-ealaíon i mBéal Feirste. Tá an oiread chéanna eachtraí, grá agus scannail i saol na mac léinn agus a bhí riamh.
Is clár é Blas Ceoil a bhíonn ag taisteal thart chuig cuid de na háiteanna ceoil is mó clú i dTuaisceart Éireann, ar lorg scoth an cheoil ó scoth na gceoltóirí sa cheantar.
Bookmark this page:
BBC © 2012 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.