Cuidiú le Cuntas

Eolas do Thuismitheoirí agus do Mhúinteoirí



Is áis matamaitice do pháistí 5-7 bliain d'aois í 'Cuidiú le Cuntas'. Tá an Coinín, an Madadh Rua agus an tÉan ann le tú a theorú sa domhan draíochtúil seo ina bhfuil uimhreacha agus ainmhithe aisteacha. Tá trí thacar de chluichí uimhreacha ann, le cuidiú le smaointeoireacht straitéiseach mhatamaiticiúil agus le réiteach fadhbanna.

Ag tús 'Cuidiú le Cuntas', fágann an Coinín, an Madadh Rua agus an tÉan slán ag a mbaile faoin sliabh den chéad uair, le himeacht ar lorg eachtraíochta. Is féidir cliceáil ar an saighead ag bun an scáileáin ar dheis le bogadh thar an bheochan tosaigh le dul go díreach chuig an chrosbhóthar mar ar féidir gníomhaíochtaí a roghnú. Cliceáil ar an Choinín, ar an Mhadadh Rua nó ar an Éan leis na hainmhithe sin a roghnú.

Baineann dhá chineál gníomhaíochta le gach ainmhí:

Na Gníomhaíochtaí Taiscéalaithe - níl aon sprioc leis na cluichí seo; spreagtar na páistí chun a rogha rud a dhéanamh agus iad ag taiscéaladh na ngníomhaíochtaí.

Na Cluichí - tá sprioc deimhneach ag na cluichí ar chóir a bhaint amach leis an líon is lú sealanna agus is féidir. Tá sé leibheál ann agus deich gcluiche ar gach leibheál, a éiríonn níos deacra de réir mar a théann tú fríd na cluichí. Is féidir na cluichí a imirt in ord ar bith.

Nuair atá an cluiche thart is féidir:

• Amharc ar fhíseán ceoil faoi réiteach fadhbanna (cliceáil ar an chnaipe teilifíse)

• Amharc ar fhíseán den chluiche a d'imir tú

• An cluiche a imirt arís le hiarracht a dhéanamh scór níos fearr a fháil (Cliceáil ar an saighead)

Leideanna Úsáideacha

Má bhíonn deacracht ag páiste leis na cluichí, seans go gcuideoidh na leideanna a leanas:

• Bíonn an deichniú cluiche ar gach leibhéal faoi ghlas. Leis an glas a bhaint de, tá ar pháistí corn óir a bhaint sna cluichí eile ar an leibhéal.

• I ndiaidh leibhéal 3, bíonn ardú mor deacrachta ann sna cluichí.

• Athraíonn an líon sealanna atá riachtanach le corn óir a bhaint ó chluiche go cluiche - mar shampla, i gcluiche amháin, thiocfadh do gur leor ocht seal le corn óir a bhaint, agus sa chéad cluiche eile go mbeadh ort níos mó ná fiche seal a ghlacadh - mar sin de, níor chóir comparáid a dhéanamh ar an líon sealanna idir na cluichí.

• Leis an cheol a mhúchadh, brúigh 'Ctrl' agus 'M' ar an mhéarchlár.



Secondary Learning Sites

Primary Learning Sites in English


BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.