Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Irish Interest : Féilte na SeanGhael

Féilte na SeanGhael

Bhí ceithre fhéile mhóra ag na Gaeil fadó, chomh maith le roinnt féilte beaga. Nuair a tugadh an Chríostaíocht go hÉirinn tuairim is 1500 bliain ó shin, chuir na sagairt agus na manaigh cuma na Críostaíochta ar chuid de na nósanna a bhí ag na Págánaigh roimhe sin, agus mar gheall air sin, bíonn cuid de na féilte a bhí ag na SeanGhaeil á gceiliúradh go fóill in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Samhain

Teacht an Gheimhridh agus na bliana úire!

Aisteach go leor, baineann an focal seo leis an samhradh, cé gur minic a bhíonn an aimsir fuar gaofar le linn mhí na Samhna. Níl na teangeolaithe ar aon intinn faoin chiall cheart atá leis an fhocal Samhain, áfach. Creideann cuid de na saineolaithe gur samhfhuin atá ann, nó ‘deireadh an tsamhraidh’ ach ina éadan sin, tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí idir Mí Dheireadh Fómhair agus Mí na Samhna fosta. 

Ach ní gnáthfhéile a bhí i Samhain. Bliain úr na SeanCheilteach a bhí ann fosta, an fhéile ba thábhachtaí sa bhliain ar fad. Agus ní amháin sin, ach bhí Oíche Shamhna idir bliain amháin agus an bhliain dar gcionn.  I gcreideamh na SeanCheilteach, bhí tábhacht ar leith ag baint le teorainneacha, le háiteanna (oileáin, portaigh) nó le hamanna (Oíche Shamhna) a bhí idir-eatarthu, nach raibh i saol amháin ná i saol eile. Toisc Oíche Shamhna a bheith suite idir bliain amháin agus bliain eile, idir geimhreadh agus samhradh, bhí sí taobh amuigh den ghnátham ar fad, dar lenár sinsear. Ní raibh na gnáthrialacha i bhfeidhm ar chor ar bith, agus bhí saoirse ag spridí agus ag anamacha na marbh filleadh ar an saol seo ar Oíche Shamhna. 

Mar gheall air sin, is minic a bhíodh daoine óga ag déanamh fáistine nó asarlaíochta ar an oíche seo lena fháil amach cad é a bhí i ndán dóibh. Mar shampla, chuirtí dallamullóg orthu, agus bhíodh orthu rogha a dhéanamh idir thrí bhabhla. Bhíodh cré i gceann amháin de na babhlaí, uisce i gceann eile agus fáinne sa tríú ceann. Is é an bás a bhí i ndán don duine bocht a roghnaigh an chré, bhí eisimirce i ndán don duine a roghnaigh an t-uisce, agus bhí an duine a roghnaigh an fáinne ag dul a phósadh.

Fadó ó shin, bhíodh féasta trí lá ag Teamhair gach bliain leis an tSamhain a cheiliúradh. Tá cuid mhór sean-nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna beo in Éirinn agus thar lear go fóill agus de réir cosúlachta, is ag dul i neart atá siad ó bhliain go bliain. Bíonn páistí ag dul ó theach go teach agus iad i mbréagriocht ag déanamh ‘Bob nó Breab’.  Itheann siad úlla, cístí, milseáin, toirtíní úll. Bíonn tinte ealaíne agus féilte móra ar na sráideanna sna cathracha móra in Éirinn, i Meiriceá agus i dtíortha nach iad agus tá clú ar Dhoire as an chóisir mhór a reáchtáiltear sa chathair sin gach bliain.

De réir an scríbhneora Chonallaigh Seán Mac Meanmain, bhíodh nós ann fadó cál nó cabáiste a dháileadh ar gach teach ar an sráidbhaile Oíche Shamhna, ionas go mbeadh cál agus coirce acu don bhrot, an t-anraith traidisiúnta a dhéantaí Lá Samhna. D’fhágtaí cabáiste ar leac an dorais. Bhí ar an duine istigh ‘Síocháin Dé chugaibh! Seo chugainn an tSamhain!’ a scairteadh trí huaire as a chéile. Ach chuir an t-aos óg an nós seo as a riocht. Thosaigh siad a chaitheamh cabáiste leis an doras, nó isteach fríd an fhuinneog fiú! Is mar sin a tháinig ‘Bob nó Breab’ ar an saol, is dócha.

Imbolg / Imbolc / Óimelc. 

Teacht an Earraigh!

Féile thábhachtach a bhí i bhféile Imbolg, thart ar thús Mhí Feabhra. Níl na saineolaithe cinnte faoi bhunús na féile seo ná faoin ainm Imbolc, ach creidtear go bhfuil baint aige le focal ársa a chiallaíonn ‘bainne’. Tá a fhios againn go raibh bandia tábhachtach ag na Ceiltigh fadó darbh ainm Brigantia (An Té Ceannasach) a raibh baint aici le torthúlacht, le breith clainne agus le bainne agus is dócha gur in ómós don bhandia sin a bhíodh Imbolg á cheiliúradh. Rinne na Críostaithe naomh de Brigantia, Naomh Bríd nó Brighid agus choinnigh an naomh sin a lán de na tréithe a bhí aici mar bhandia roimhe sin. Tugtar Lá Fhéile Bríde ar an fhéile s’aici atá ar an chéad lá de Mhí Feabhra – Féile Imbolg na SeanCheilteach.

Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha, ar a dtugtar Cros Bhríde. Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad, de ghnáth, agus creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í. 

Bealtaine

Teacht an tSamhraidh!

Beidh an focal seo ar bharr a theanga ag duine ar bith a bhfuil Gaeilge aige nó aici, mar is é seo an focal atá ar an mhí a dtosaíonn ar an fhéile seo. Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’.  Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann. Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.

Lúnasa

Teacht an Fhómhair!

Bhí Lugh nó Lú ar dhuine de na déithe ba thábhachtaí a bhí ag na seanCheiltigh, ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa. Bhí baint ag Lugh leis an ghrian agus leis an samhradh agus ní nach ionadh mar sin gur thug sé a ainm don mhí is teo san fhéilire in Éirinn, Mí Lúnasa.  Thug muintir na Breataine Bige Lleu Llaw Gyffes uirthi.  Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus London fosta, síltear.

Féile a bhí ann le fáiltiú roimh fhás an arbhair agus roimh thús an fhómhair. Is minic a bhíodh daoine in Éirinn ag déanamh damhsaí agus tinte cnámha le Féile Lúnasa a cheiliúradh agus bhí cuid de na nósanna seo beo go fóill go dtí an fichiú haois. Chum Brian Friel, drámadóir clúiteach as Tír Eoghain, dráma darb ainm Dancing at Lughnasa a bhfuil a lán tagairtí ann do na traidisiúin seo.

Féilte eile

Is iad na féilte thuasluaite na cinn ba thábhachtaí lenár sinsir, ach chomh maith leis na cinn sin, bhí tábhacht leis na grianstadanna (na laethanta is faide agus is gairide) agus leis na cónochtaí (nuair a bhíonn an lá agus an oíche ar comhfhad lena chéile) fosta. Is dócha go mbaineann cuid mhór de nósanna na Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin le deasghnátha na bPágánach do ghrianstad an gheimhridh (Buachaillí an Dreoilín, mar shampla, nuair a bhíodh daoine ag dul ó theach go teach ar lorg airgid) agus go bhfuil baint idir Oíche/Lá Fhéile Eoin agus grianstad an tsamhraidh.

Séasúir na SeanGhael:

Earrach: Feabhra, Márta, Aibreán.
Samhradh: Bealtaine, Meitheamh, Iúil.
Samhain: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair.
Geimhreadh: Samhain, Nollaig, Eanáir.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Nascleanúint BBC

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.