Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Irish Interest / Taisteal : Litir ó Cheanada #9

Litir ó Cheanada #9

Fiosraíonn Bríd cúrsaí grá i dTalamh an Éisc.


...


Dia dhaoibh! Is mise Bríd Ní Fhachtna as Contae Fhear Manach. D’fhág mé Béal Feirste ar feadh bliana chun teacht anseo le Gaeilge a mhúineadh do mhuintir Memorial University i bBaile Naomh Eoin i dTalamh an Éisc. Tá áthas orm bheith ábalta mo thaithí ón áit iontach seo, Baile Naomh Eoin, a roinnt libh.



...

Dia daoibh, a chairde,

Sea, an grá agus an ghruaim…
Is é barúil na gcailíní heitrighnéasacha anseo gurb é Allan Hawco, aisteoir, plúr na bhfear sa cheantar. Chomh dathúil leis, duine de na daoine sin a ndeirtear fúthu ‘d’fhéadfadh sé bheith sna scannáin in Hollywood’. Bíonn drithliú sna súile aige agus iarracht de mheallacacht an rógaire ag baint leis fosta. Cé nach bhfuil aithne agam air go pearsanta, tá mé cinnte gur duine deas é chomh maith.

Agus seo é an fáth a bhfuil mé ag labhairt an oiread sin faoi Allan, (bainfidh mé úsáid as a ainm gan sloinne mar a bheadh aithne agam air) – bhí sé mar phríomhaisteoir i scannán Eireannach / Thalamh an Éisc, Love and Savagery, a raibh an chéad taispeáint aige anseo cúpla seachtain ó shin. Tarlaíonn bunús an scéil i gContae an Chlár (neart radharc den Bhoireann agus de Dhún Aonghusa le feiceáil) agus ansin tá píosa beag i dTalamh an Éisc fosta. Scéal grá atá ann, suite i bhfad ó shin i sráidbhaile beag in Éirinn ar nós Ballykissangel. Tá sé go maith mar scéal agus is fiú é a fheiceáil.  Drámadóir áitiúil a bhfuil clú agus cáil air, Des Walsh, a scríobh an script. Nuair a seoladh an scannán go Talamh an Éisc bhí lucht an Chustaim in amhras faoi. Shíl siad go raibh ábhar míchuí ann (mar gheall ar theideal an scannáin, is dócha).  Níl a fhios agam an faoiseamh nó díomá a bhí orthu nuair a chonaic siad an scannán féin!

Ar aon nós, chonaic mé an scannán, Love and Savagery ag an chéad léiriú anseo. Taispeánadh é ag Féile Scannánaíochta na mBan anseo i mBaile Naomh Eoin agus taispeánadh gearrscannán díreach roimhe darbh ainm ‘Vive la Rose’, (ainm poirt atá ann fosta a chum agus a chas Émile Benoit, arb as Cósta Iarthar Thalamh an Éisc dó). Tá a lán míreanna ar YouTube faoin ghearrscannán ‘Vive la Rose’ ach tá Emile Benoit le cloisteáil ar an cheann áirithe seo agus é ag ceol an amhráin – an t-amhrán deireanach a thaifead sé:  Vive La Rose

Aisteach go leor, seanuncail ab ea é le Paula, an cailín a bhí i mo chuideachta ag an scannán an oíche sin (‘Deartháir mo sheanmháthar atá ann’ a dúirt sí liom.). Ba chóir dom a rá gurb í Paula an cailín a thug an ceacht tiomána dom i mBaile Naomh Eoin, a thug comhairle dom faoi mo chóiriú gruaige agus a thug chuig mo chéad oíche scátáil rollála do dhaoine thar tríocha fosta!

Ach, fan go gcluinfidh sibh seo – is í Paula an duine ar chuir mé ceist uirthi maidir le cúrsaí grá anseo...De réir dealraimh, tá deichniúr ban do gach fear anseo, agus mar gheall air sin, deir sí nach gá do na fir iarracht a dhéanamh ar chor ar bith ach gur cineál cougar scene atá ann. (Ó a mhuiricín!)
Ní amháin sin, ach dúirt mo chara Ken liom gurb é an dátáil tríd an idirlíon an nós is coitianta ar an mhórthír ach nach n-admhaíonn daoine go ndéantar anseo é. Mar sin de, níl mé róchinnte cén ceann a roghnóidh mé! Cúgar? Moi? An t-idirlíon? Nó céilí b’fhéidir...Coinneoidh mé ar an eolas sibh …

Le grá mór chugaibh do Lá Fhéile Vailintín ó Bhaile Naomh Sheáin, Talamh an Éisc.
Bríd

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.