Gaeilgear an BBC

hide -

is clúití most famous
an fichiú aois the 20th Century
sóisialach sosialist
cearta sibhialta civil rights
an Dara Chogadh Domhanda the Second World War
lena linn in his lifetime
cnuasach collection
léachtóir lectureer
ollamh professor

baile : ailt : Ealaíona : Máirtín Ó Cadhain

Máirtín Ó Cadhain

Próifíl ar an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain.

Rugadh Máirtín Ó Cadhain i gConamara i 1906. Is é Cré na Cille an leabhar is clúití a scríobh sé. Tá sé ar dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí san fhichiú aois.
Tá clú air mar shóisialach chomh maith agus bhí an-bhaint aige le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus le búnú Ghaeltacht Ráth Cairn.

Le linn an Dara Chogadh Domhanda bhí sé i ngéibheann i gCampa an Churraigh i gCill Dara agus is ansin a scríobh sé an t-úrscéal Cré na Cille (1949).
Theagasc sé Gaeilge do na príosúnaigh ansin chomh maith.

Scríobh sé trí úrscéal ach níor foilsíodh ach Cré na Cille lena linn, foilsíodh an dá úrscéal eile Athnuachan agus Barbed Wire i ndiaidh a bháis.
Bhí bua na gearrscéalaíochta aige chomh maith agus scríobh sé neart cnuasach ina measc; An Braon Broghach, Cois Caoláire, Idir Shúgradh agus Dáiríre, An tSraith dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár.

Thosaigh sé ag obair mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide i 1956 agus rinneadh ollamh dó i 1969. Fuair sé bás i 1970.
Sa ghearrthóg seo déanann Joe Steve Ó Neachtain cur síos ar shaol Mháirtín Uí Chadhain agus ar na heachtraí móra a d’imir tionchar ar a shaothar.


Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC NI Get Writing

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.