Gaeilgear an BBC

hide -

blaosc skull
éiginnteacht doubt
d’eascair sinn we descended
ábaltachtaí abilities
spréigh siad they spread
athsmaoineamh
cothromach flat
éabhlóid evolution
fionnachtain discovery
iontaise fossil
speiceas species

baile : ailt : Dúlra, Eolaíocht agus Teicneolaíocht : Éabhlóid an Chine Dhaonna

Éabhlóid an Chine Dhaonna

Míníonn Cormac Ó hAdhmaill dúinn na teoiricí faoi éabhlóid an chine dhaonna.

Cúpla bliain ó shin, san Afraic, thángthas ar bhlaosc cinn agus tá torthaí an taighde ag cur éiginnteachta leis an tuiscint a bhí againn go nuige seo ar ár n-aithreacha ársa.
Le scéal casta a shimpliú, d’eascair sinn uilig ó ápa a mhair thart faoi chúig mhilliún bliain ó shin san Afraic agus ar a dtugtar “Australopithecus afarensis”. Bhí an speiceas sin ábalta seasamh agus siúl cruinn díreach. D’athraigh na h-ábaltachtaí thar na mílte bliain go dtí gur féidir linn a rá gur éirigh speiceas eile ar a dtugtar “Homo habilis”. Bhí an speiceas sin beo thart faoi dhá mhilliún go leith bliain ó shin; bhí na neacha sin ábalta uirlisí simplí a úsáid agus bhí inchinní agus coirp ní ba mhó acu.

Astu sin tháinig speiceas le h-ábaltachtaí eile. Bhí Homo erectus beo thart faoi dhá mhilliún bliain ó shin; d’úsáid siad tuanna agus bhí tinte in úsáid acu. Bhí inchinní s’acu thart faoi mhéid inchinní s’againne agus bhí siad cosúil linn féin; dá bhfeicfí duine acu sa lá atá inniu ann inár measc, ní dhéanfaí ábhar iontais de.
Ba é Homo erectus an chéad speiceas daonna a d’fhág an Afraic agus meastar gur spréigh siad amach ar fud an domhain. Uaidh sin a d’eascair Homo sapiens – sinn féin. Ba é sin an scéala go dtí ar an mallaibh. Chonaic muid an dul chun cinn ó speiceas go speiceas, ó Australopithecus afarensis go Homo sapiens, gach céim cinnte agus tréimhse cinnte ceangailte le gach céim. Ach ní fhoireann an fionnachtain is úire don scéim seo. Is cinnte go bhfuil an bhlaosc úr seo trí mhilliún go leith bliain d’aois ach tá cuma air go bhfuil sí i bhfad níos úire; tá déad níos lú agus aghaidh nach bhfuil bruite chun tosaigh aici. Tá sí ar chomhaois le Homo afarensis ach tá sí chomh neamh-chosúil leis go meastar gur speiceas úr ann féin é. Tugadh ainm úr dó fosta; Kenyanthropus platyops (is é sin an t-ápa a fuaireas i Kenya agus a bhfuil aghaidh chothromach aige).
Cad é mar is féidir linn an speiceas úr seo a fhí isteach i sinsearacht s’againne? Níl a fhios againn. Is cinnte go gcaithfimid athsmaoineamh a dhéanamh agus go gcaithfimid a aithint nach bhfuil an pictiúr chomh simplí agus a bhí. B’fhéidir gur ó Kenyanthropus platyops a d’eascair sinn in áit ó Homo afarensis. Tá cuid mhór taighde le déanamh fós ar an dá iontaise; má dhéantar mion-scagadh orthu agus ar chnámha s’againne, b’fhéidir go mbeidh fuascailt an scéil romhainn. 


Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC Science and Nature

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.