Gaeilgear an BBC

hide -

féinrialaithe autonomous, self-ruling
ríocht kingdom
tírdhreach landscape
coillte woods
maorga majestic
ailtireacht architecture

baile : ailt : Taisteal : Asturias - Parthas gan Truailliú?

Asturias - Parthas gan Truailliú?

Is féidir teacht ar an fhíorSpáinn gan truailliú in Asturias, ar an chósta thuaidh.

Tá Asturias suite ar chósta thuaidh na Spáinne agus tá sé ar cheann de na réigiúin is fearr aithne den ‘Spáinn Ghlas’.  Is réigiún féinrialaithe é anois, agus ríocht ar leith a bhí ann fadó. Tá tírdhreach suntasach ann. Tá coillte fionnuaire glasa ann agus na sléibhte móra maorga darb ainm Los Picos de Europa ag teacht anuas chun na farraige.  Tá cuid de na radhairc is áille san Eoraip ann agus cósta mór fada mar a mbíonn tonnta den uisce gléghlan ag teacht i dtír ar an ghaineamh bhán.
Tá naisc ag Asturias leis na SeanCheiltigh fosta, agus tá rian den chultúr Cheilteach le feiceáil go fóill in ailtireacht agus in iarsmaí an réigiúin.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.