Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Caithimh aimsire : Máirt na hInide

Máirt na hInide

Tugtar Máirt na hInide nó Lá na bPancóg ar an lá roimh Chéadaoin an Luaithrigh, an lá deireanach den ghnáthbhia roimh throscadh an Charghais.

Amharc ar an ghearrthóg seo agus gheobhaidh tú rang cócaireachta le Brian (Danny Minnie) Ó Domhnaill. Teagascann Brian do láithreoirí SRL an dóigh le pancóga foirfe a dhéanamh faoi choinne Mháirt na hInide. Amharc ar an scléip agus ansin bain triail as an oideas sa bhaile.


Tagann an focal ‘Inid’ ón Laidin initium quadragesimae a chiallaíonn tús an Charghais. Fadó, ba ghnáth le daoine faoistin a dhéanamh agus a gcuid peacaí a admháil ionas go bhféadfadh siad an Carghas a thosú saor ó pheacaí.
Ach lá ceiliúrtha a bhí sa lá seo chomh maith le lá aithreachais. Ba ghnách le daoine ceiliúradh deireanach a dhéanamh roimh chruatain an Charghais le béilí móra agus cluichí.  Ar ndóigh, bhí orthu saill, uachtar agus uibheacha a úsáid roimh thús an Charghais de bhrí nach raibh cead acu iad a ithe le linn na tréimhse naofa sin, agus ba ghnách leo pancóga a dhéanamh le fáil réidh leis an bhia mhéith sa lardrús.


Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC Lifestyle

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.