Gaeilgear an BBC

hide -

daonra population
laghdú reduction
suntasach substantial
easpa lack
fostaíocht employment
imirce immigration
luachmhar precious
an Aigéan Atlantach the Atlantic Ocean
cróga brave

baile : ailt : Irish Interest : Oileán Thoraí

Oileán Thoraí

Is oileán draíochtúil é Oileán Thoraí, atá suite naoi míle amach ó chósta thiar Dhún na nGall Thuaidh. Tá sé ina luí i lár na farraige agus tá trí oileán bheaga in aice leis- Inis Bó Finne, Inis Dumhaigh agus Inis Beag.

Tá Oileán Thoraí trí mhíle ar fhad agus níos lú ná míle ar leithead, agus tá ceithre bhaile air - Baile Thiar, an Lár, Úrbhaile, agus Baile Thoir.  Níl ach níos lú ná céad is caoga duine ina gcónaí sna ceithre bhaile seo.  Tháinig laghdú suntasach ar dhaonra an oileáin le céad bliain anuas, mar gheall ar an easpa fostaíochta agus an imirce a tharla dá bharr sin.  Ba mheasa an scéal sna hochtóidí nuair a bhog leath den phobal chun an Fhál Carraigh de thoradh cruatain agus easpa seirbhísí an oileáin. Thuig an rialtas ansin go raibh fíorchontúirt ann go gcaillfí saol traidisiúnta an oileáin, rud fíorluachmhar, agus tugadh cabhair dá mhuintir dhúchasach.  I ndiaidh tamaill, d’fhill siad ar Thoraigh agus ar a ndúchas.

Taistealaíonn bad farantóireachta an naoi míle farraige chun an oileáin go rialta ó ché Mhachaire Rabhartaigh, atá ina chuid de Ghaeltacht Chloch Cheann Fhaola maraon leis an oileán é féin.  Téann bad farantóireachta eile ón Bhun Beag chomh maith, ach glacann an turas seo thart faoi nócha nóiméad i gcomparáid leis an caoga nóiméad ó Mhachaire Rabhartaigh.

Áit mhistéireach atá ann, áit álainn fhiáin atá ina luí i lár an Aigéin Atlantaigh ag tabhairt dúshlán na farraige go cróga. Bíonn saol crua ag muintir Thoraí, idir na gaotha arda a bhíonn ag greadadh gan stad air agus nach ligeann do chrainn ar bith fás ar an oileán agus an ganntanas jabanna leis na daoine óga a choinneáil ann.

Is í an Ghaeilge teanga an oileáin, agus tá muintir Thoraí an-bhrodúil aisti.  Tá cultúr láidir ceoil agus damhsa ar an oileán freisin, agus is iomaí cuairteoir ar cuireadh fáilte fhial fhairsing roimhe le céilí mór i gceann de na tithe tábhairne. 

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.