Gaeilgear an BBC

hide -

compántas amharclainne theatre company
critic liteartha literary criticism
foilseachán publication
fréamhacha roots
réamhamharc preview

baile : ailt : Ealaíona : Field Day

Field Day

Bhunaigh Brian Friel agus Stephen Rea Field Day mar chompántas amharclainne i 1980. Ach foilsitheoir a bhí ann chomh maith le compántas amharclainne. D'fhoilsigh sé a lán leabhar a bhaineann leis an chritic liteartha, leis an stair, leis an pholaitíocht agus leis an léann cultúrtha.

In earrach na bliana 2005 thosaigh sé a fhoilsiú Field Day Review, iris bhliantiúil dírithe ar chúrsaí cultúrtha agus polaitíochta, go háirithe in Éirinn.
Is iad Séamas Deane agus Breandán Mac Suibhne na heagarthóirí.
Labhraíonn Breandán Mac Suibhne faoin fhoilseachán. Míníonn sé a aidhmeanna, a théamaí agus a fhréamhacha sa Chompántas Amharclannaíochta.

Foilsíodh an triú heagrán de Field Day Review i Mí an Mheithimh 2007 agus, mar is gnáth, is saothar toirtiúil é ina bhfuil aon alt déag agus an oiread céanna sin de léirmheasanna. Labhair Breandán Mac Suibhne le hAntaine Ó Donnaile faoin saothar.

Bhí an t-ádh ar SRL réamhamharc a fháil ar chartlann Field Day Productions sular bronnadh ar an Leabharlann Náisiúnta iad. Feicfidh tú an saibhreas staire agus an tábhacht chultúrtha a bhaineann leis na cartlanna sa ghearrthóg seo.

Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC NI Get Writing

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.