Gaeilgear an BBC

baile : ailt : : Dála an Scéil

Dála an Scéil

Nochtann Treasa Bhreathnach na pearsantachtaí taobh thiar de Ghaeil Thuaisceart Éireann.

Cé hiad na fir agus na mná taobh thiar de na cinnlínte?
Sa tsraith úr agallaimh seo, ‘Dála an Scéil’, déanann Treasa Bhreathnach iarracht na pearsantachtaí taobh thiar de phearsaí aitheanta Gaelacha Thuaisceart Éireann a nochtú.  Gach Luan ón 30ú Iúil beidh deis agat éisteacht le haíonna éagsúla, ach ní chuirfear in aithne duit iad go dtí oíche an chraolta féin.  Le linn na gclár, beidh seans agat éisteacht le roinnt rianta ceoil a bhí mar fhuaimrian saoil na n-aíonna.  Cuireann muid tús leis an tsraith le fear atá aitheanta i bpobal na nGaeil mar amhránaí, ealaíontóir, cheoltóir agus ghinealaigh – ach céard é go díreach a thugann inspioráid dá chuid ealaíona?  Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin aoí áirithe seo agus aithne a chur ar phearsaí eile na sraithe, bí linn gach Luan ar Blas ó 19.03.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.