Gaeilgear an BBC

baile : ailt : : Sceideal Sheachtain na Gaeilge 2012 ar Blas

Sceideal Sheachtain na Gaeilge 2012 ar Blas

Sracfhéachaint ar chlúdach Sheachtain na Gaeilge 2012 ag Blas ar BBC Raidió Uladh.

Ní chaillfidh tú amach ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mbliana, le sárchlúdach na féile ar Blas ar BBC Raidió Uladh!

Dé Luain, 5 Márta 2011
Cuireann Lynette Fay clár díospóireachta paineáil i láthair chun tús a chur le clúdach BLAS ar “Seachtain na Gaeilge 2012”.  Craolfar an clár speisialta beo ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste os comhar lucht féachana beo.  Is é an t-ábhar atá faoi chaibidil ná “An Ghaeilge agus todhchaí na Gaeilge i 2012” agus beidh na painéalaithe ag freagairt ceisteanna ó phobal na Gaeilge féin.

Dé Máirt, 6 Márta 2012
Leanann BLAS ar aghaidh le clúdach “Seachtain na Gaeilge 2012” le Louise McCreesh.  Téann BLAS i dteagmháil le Brenda Ní Ghairbhí agus í i mbun ceiliúrtha ag seoladh oifigiúil na seachtaine, agus gheobhaidh muid amach faoi na himeachtaí ceiliúrtha a bhéas ar siúl in Iúr Cinn Trá.

Dé Céadaoin, 7 Márta 2012
Beidh Máire Bhreathnach ag craoladh beo ó Bhaile Átha Cliath mar chuid de Lá Gaeilge sa Dáil.

Déardaoin, 8 Márta 2012
Leanann clúdach BLAS de ‘Seachtain na Gaeilge 2012’ le Lucinda Glynn, le tuairisc ó líne tosaigh Rith 2012 i nGaoth Dobhair

Dé Luain, 12 Márta 2012
Sa chlár seo leanann BLAS ar aghaidh leis an díospóireacht faoi “An Ghaeilge i 2012 agus todhchaí na Gaeilge”, ag díriú ach go háirithe ar an Ghaeloideachas i dTuaisceart Éireann.  Is í Lynette Fay a bhéas mar chathaoirleach sa chlár díospóireachta os comhar lucht féachana beo i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire.  Is iad pobal na Gaeilge féin a bheas ag cur na gceisteanna ar na painéalaithe.

Dé Máirt, 13 Márta 2012
Leanann clúdach Blas de “Seachtain na Gaeilge 2012” le Louise McCreesh agus i Giota Níos Mó na seachtaine seo caithfimíd súil ar bhrí na logainmneacha áitiúla, agus cluinfimid faoi imeachtaí ceiliúrtha in Ard Mhacha mar chuid de Rith 2012.

Dé Céadaoin, 14 Márta 2012
Leanann clúdach Blas ar ‘Seachtain na Gaeilge 2012’ ar aghaidh le Máire Bhreathanach nuair a chaitheann sí súil ar imeachtaí Gaeilge fud fad na cruinne.

Déardaoin, 15 Márta 2012
Leanann clúdach Blas de “Seachtain na Gaeilge 2012” le Lucinda Glynn agus súil chun tosaigh ar lá na máithreacha.

Dé hAoine 16ú Márta
Cuireann Lynette Fay clár speisialta i láthair do Sheachtain na Gaeilge 2012. Mar is iondúil, beidh scoth an cheoil le cloisteáil ar an chlár chomh maith le seisiún beo ó JJ Ó Dochartaigh agus Rulya. Leanann clúdach Blas ar Rith 2012 le tuairisc speisialta ó chathair na Gaillimhe. Cuirfear clabhsúr leis an-ollrith ar son na Gaeilge in Inis Mór, Árainn, amach ó chósta na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig. 

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.