Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Caithimh aimsire : Greim Gasta - Scalóipí Turcaí le Gremolata

Greim Gasta - Scalóipí Turcaí le Gremolata

Scalóipí Turcaí le Gremolata

Scalóipí Turcaí le Gremolata

Tá stéigeanna turcaí an-fhurasta a chócaráil. Ní gá ach iad a ghríoscadh ar an phanna gríosctha agus iad a ithe le beagán mustaird. Is béile simplí gasta é sin. Nó is féidir anlann a dhéanamh le cur leo. Cibé scéal é, is féidir turcaí a ullmhú i bhfad níos gaiste ná sicín agus beidh béile breá cothaitheach agat gan mhoill! Is maith liom a úire agus a éadroime atá stéigeanna turcaí (a laghad a dhéantar cócaráil orthu, is amhlaidh is éadroime agus is fusa a dhíleá iad) agus ní thig liom smaoineamh ar aon rud a bheadh níos fearr lena dtionlacan ná an meascán Iodálach ar a dtugtar gremolata.

Comhábhair

2 stéig turcaí an duine
1 mhála spionáiste
3 ionga gairleoige
1 dos peirsile
Trátaí silín
Ola olóige
1 liomóid
Salann, piobar dubh

Modh

Tá gremolata iontach furasta a dhéanamh. Ní gá ach an pheirsil a mhionghearradh, an ghairleog a bhrú, stiallacha craicinn a bhaint den liomóid agus iad sin a mheascadh le chéile le beagán ola olóige. Cuir sin i mbabhla le pinse salainn agus croitheadh den phiobar dubh agus fág sa chuisneoir é go ceann 30 bomaite ar a laghad. Is iondúil gremolata a ithe le Osso Bucco agus ba chóir é a dhéanamh úr i gcónaí, rud nach nglacann ach 5 bhomaite. Bíonn sé iontach maith le hiasc de gach cineál agus bíonn sé thar a bheith maith le scalóipí turcaí fosta!
Leis an turcaí a ghiollacht, cuir an panna gríosctha ar an teas, caith na stéigeanna turcaí go léir i mbeagán ola olóige, blaistigh le salann agus le piobar dubh agus ansin déan iad a ghríoscadh ar an phanna. Le cuma dheas a chur air, bain feidhm as an mhodh ar a dtugtar “deich go dtí a dó”. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear an scalóip trasna ar an phanna mar a bheadh lámh ar chlog agus é dírithe ar an deich. Ansin leagtar an bealach eile é, dírithe ar an áit a mbeadh a dó ar chlog. Is mar sin a dhéantar an patrún deas cliathach ar an fheoil. Déan an rud céanna ar an taobh eile.
Déan an spionáiste a chócaráil i bpota go ceann roinnt bomaití le stealladh beag uisce agus beagán ola olóige.
Cuir an spionáiste ar phláta leis na scalóipí gríosctha. Steall gremolata go fial ar na scalóipí agus maisigh an bia le trátaí silín rósta san oigheann le salann mara agus le hola olóige.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.