Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Caithimh aimsire : Ragoût Pónairí le Cabáiste agus Gríscíní Bagúin

Ragoût Pónairí le Cabáiste agus Gríscíní Bagúin

Ragoût Pónairí le Cabáiste agus Gríscíní Bagúin

Gearrthóg bhagúin le pónairí leathana agus cabáiste reitithe le mustard

Comhábhair

1 gríscín bagúin an duine (“gearrthog muiceola” a deir Éamonn)
1 chabáiste, ina stiallacha
2 spúnóg bhoird mustaird
1 gloine fíon gheal neamh-mhílis
Marós
Salann, piobar dubh
Síolta finéil
1 ionga gairleoige
150g im gan salann
10 n-oinniún bheaga
1 stán pónairí leathana
Beagán ola olóige
Trátaí

Modh

I dtús báire, déan an gríscín a chur i maranáid a bhfuil beagán ola olóige, piobar, gairleog bhrúite agus marós gearrtha inti.
Déan an cabáiste a chócaráil go bog san fhíon gheal ar theas íseal go ceann 10 mbomaite nó mar sin. Cuir 2 spúnóg bhoird den mhustard isteach. Déan roinnt síolta finéil a ghríoscadh agus cuir leis an chabáiste iad. Measc go maith iad.
Le linn don chabáiste bheith á chócaráil, leáigh beagán ime i bpanna, bain an craiceann de na hoinniúin bheaga agus dean iad a chócaráil go dtiocfaidh dath gealdhonn orthu. Cuir gloine uisce isteach leo agus bain suanbhruith astu go ceann deich mbomaite nó go n-éireoidh siad bog.
Cuir na pónairí leis seo, cuir salann agus piobar ann, ísligh an teas, cuir níos mó ime ann (ag suaitheadh i rith an ama) agus lig dó éirí tiubh. Ansin cuir trátaí isteach sa mheascán.
Bain na gríscíní den mharanáid agus déan iad a ghríoscadh ar phanna gríosctha go ceann 4/5 bomaite gach taobh. B’fhéidir go mbeadh níos mó nó níos lú ama de dhíth orthu – tá sé ag brath ar thiubhe na feoile.
Cóirigh meascán an chabáiste i bhfáinne i bpláta domhain agus bain feidhm as spúnóg mhór leis an stiobhach pónairí a chur thart ar an chabáiste.
Cuir an gríscín bagúin ar bharr an chabáiste agus cuir ar an tábla láithreach é.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.