Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Learners : Painéal d'Fhoghlaimeoirí Giota Beag

Painéal d'Fhoghlaimeoirí Giota Beag

Nuair a cuireadh an tsraith foghlama Giota Beag le chéile don chéad uair, thug an léiritheoir Róisín Ní Chéileachair scaifte le chéile le tabhairt faoin chúrsa. Grúpa breá, spéisiúil, cumasach a bhí iontu - idir óg agus aosta, idir teangeoluithe agus daoine nach raibh ach Béarla acu. Conas mar a d'éirigh leo? Éist anseo thíos leis na míreanna fuaime a bhí mar chuid den irischlár raidió Blas sa bhliain 2000.


Seachtain 1
: Painéal Foghlaimeoirí Giota Beag
Bualann painéal foghlaimeoirí Giota Beag le chéile don chéad uair. Is í an aidhm atá acu ná Gaeilge a fhoghlaim agus iad ag leanúint an chúrsa ‘Giota Beag’. Ó chartlann Blas, craoladh an mhír seo don chéad uair Márta 2000.


Seachtain 2
: Painéal Foghlaimeoirí Giota Beag
Tagann an painéal le chéile leis an mhéid atá foghlamtha acu go dtí seo a chleachtadh. Ó chartlann Blas, craoladh an mhír seo don chéad uair i mí Bhealtaine 2000.


Seachtain 3
: Painéal Foghlaimeoirí Giota Beag
An cruinniú deireanach. Cuireann gach duine ar an phainéal scairt gutháin ar Ghaeilgeoirí mór le rá, le Gaeilge s’acu a chleachtadh. Ó chartlann Blas, craoladh an mhír seo don chéad uair i mí an Mheithimh 2000.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Nascleanúint BBC

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.