Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Irish Interest : Imbolg

Imbolg

Féile thábhachtach bhliantúil a bhíodh anseo le ceiliúradh a dhéanamh ar theacht an Earraigh ag tús mhí Feabhra. Sa lá ata inniu ann, déantar ceiliúradh ar an fhéile seo ar an chéad lá de mhí Feabhra agus Lá Fhéile Naomh Bríde uirthi.

Aimsigh stair na féile págánaí seo agus conas go bhfuair sí an teideal Lá Fhéile Bríde.

Tugann an Dr. Daithí Ó hÓgáin eolas ón bhéaloideas dúinn maidir leis an chúlra a bhaineann le Naomh Bríd.

An tOllamh Séamas Ó Catháin ag caint le Róisín Ní Chéileachair (i 1999) faoi Imbolg agus an ceangal le Bríd, bandia agus naomh.

Buaileann Feena Tobin isteach ar Órfhlaith Ní Chearnaigh ar oíche Bhríde agus í i mbun cros Bhríde a dhéanamh. Míníonn Órfhlaith an nós atá acu i nGrianlocha, i gCondae Dhoire, teacht le chéile le na crosa a dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais faoi Imbolg agus féilte ársa eile na tíre anseo.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Nascleanúint BBC

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.