Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Ealaíona : Club Leabhar Blas

Club Leabhar Blas

Eagrán míosúil den chlár raidió Blas, ag díriú ar litríocht na Gaeilge atá ar an mhargadh faoi láthair, curtha i láthair ag Lucinda Glynn agus léirithe ag Louise McCreesh.

15.05.2012 Filíocht ón Siollabas Ard-Leibhéil 2011 & 2012
(Craolta don chéad uair ar Raidió Uladh 12.05.2011)

San eagrán seo den Chlub Leabhar rinneadh plé ar na mórthéamaí atá le sonrú i bhfilíocht Ghaeilge an tsiollabais Ard-Leibhéil agus moladh an dóigh is fearr chun anailís chriticiúil a scríobh. Ar an phainéal bhí Seán Mac Labhraí agus Mícheal Ó Máirtín as Coláiste Mhuire agus an scríbhneoir clúiteach Séamas Mac Annaidh.
I measc na bhfilí a bhí faoi chaibidil bhí:
• Seán Ó Ríordáin
• Gréagóir Ó Dúill
• Nuala Ní Dhomhnaill
• Máirtín Ó Direáin
• Cathal Ó Searcaigh

Club Leabhar - Filíocht an tsiollabais Ard Leibhéil from Blas available since 30th May 2012

More from this programme

10.05.2012: Drámaíocht agus Gearrscéalaíocht ón Siollabas Ard-Leibhéil 2011 & 2012
(Craolta den chéaduair ar Raidió Uladh 26.05.2011)

Bhí saineolaithe litríochta cruinnithe le chéile i stiúidió Blas chun seoda eolais a scaipeadh.  Rinneadh plé ar na mórthéamaí atá le sonrú i ndrámaíocht agus i ngearrscéalaíocht Ghaeilge an tsiollabais Ard-Leibhéil.
Ar an phainéal bhí Seán Mac Labhraí agus Mícheal Ó Máirtín as Coláiste Mhuire agus an scríbhneoir clúiteach Séamas Mac Annaidh.

Drámaíocht: Breithiúnas le Mairéad Ní Ghráda
Gearrscéalaíocht: An Chéad Chnuasach le Peigí Rose

Club Leabhar - Drámaíocht & gearrscéalaíocht ón Siollabas from Blas available since 2nd August 2012

More from this programme

16.06.2011: Cnuasaigh Ghearrscéalta

Ar Club Leabhar Blas na míosa seo pléadh cnuasaigh úra ghearrscéalta a foilsíodh i nGaeilge le déanaí.
I measc na leabhar a bhí faoi chaibidil bhí:
Coitianta ar mo Pheann le Caitlín Ní Mhaoileoin (Coiscéim)
Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc (Cló Iar-Chonnacht)
An Duais agus Scéalta Eile le Frainc Ó Murchadha (Coiscéim)

Club Leabhar - cnuasaigh úra ghearrscéalta from Blas available since 1st August 2012

More from this programme

07.04.2011: Úrscéalta Gaeilge Nua-fhoilsithe do Dhéagóirí:

Club Leabhar - úrscéalta Gaeilge nua-fhoilsithe do dhéagóirí from Blas available since 29th May 2012

More from this programme

Sa chúigiú clár, phlé na painéalaithe na saothair seo a leanas:

• Maitríóisce le Siobhán Parkinson (Cois Life 2011)
• Dordán le hÉilís Ní Dhuibhne (Cois Life 2011)
• Amstardam le hÉamonn Ó Ruanaí (An GÚM 2010)

Eagrán speisialta de Club Leabhar ar Blas ar Lá Domhanda na Leabhar, Déardaoin 3ú Márta 2011:

Club Leabhar - Lá Domhanda na Leabhar from Blas available since 1st August 2012

More from this programme

Bhí plé ar na húrscéalta Gaeilge nua fhoilsithe:
• Buille Marfach le hAnna Heussaff
• Aiséirí le hAlex Hijmans
• Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile

Ar an phainéal bhí;
• Mícheál Ó Máirtín – Léachtóir le Gaeilge, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
• Andrea Ní Uiginn – Múinteoir Gaeilge, Ardscoil Naomh Doiminic, Béal Feirste
• Jacqueline de Brún - comhairleoir oideachais san Áisaonad i gColáiste Naomh Muire.

26.01.2011: Filíocht Ghaeilge Nua-fhoilsithe:

Club Leabhar -filíocht nua-fhoilsithe from Blas available since 1st August 2012

More from this programme

Plé ar fhilíocht Ghaeilge nua-fhoilsithe agus bhí na saothair seo a leanas faoi chaibidil:

• Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (in eagar ag Gearóid Denvir)
• An Fear sa Ghealach le Philip Cummings
• Crithloinnir le Caitríona Ní Chleircín

Ar an phainéal le plé a dhéanamh ar an fhilíocht bhí:
• An Dr. Charlie Dillon – Léachtóir le Gaeilge, Ollscoil na Banríona
• Séamus Mac Annaidh – Úrscéalaí
• Caoimhe Ní Chathail – Iarchéimí, Ollscoil Uladh

22.12.2010: Leabhar na Bliana 2010:

Club Leabhar - “Leabhar na Bliana 2010” from Blas available since 1st August 2012

More from this programme

Roghnaigh na painéalaithe “Leabhar na Bliana 2010” dar leo. 

Leabhair faoi chaibidil:
• D’imigh Sin agus Tháinig Seo le Séamus Mac Seáin (Coiscéim)
• Scéalta Ban ó Thuaisceart na hÉireann le Silvia Calamati; leagan Gaeilge: Seán Mac Aindreasa (Coiscéim)
• Snámhóirí Gaeltachta agus Scéalta Eile le Gabhán Ó Fachtna (Coiscéim)

Ar an phainéal le plé a dhéanamh ar na leabhair bhí:
• Mairéad Uí Mháirtín – iar-Chathaoirleach, Foras na Gaeilge.
• Dónall Mac Giolla Chóill – Iriseoir agus Aisteoir.
• Eibhlín Nic Gearailt – Cúntóir Eagarthóireachta le Fiontar, DCU.

24.11.2010:Litríocht nua-scríofa leis an óige a spreagadh:

Club Leabhar Blas from Blas available since 29th May 2012

More from this programme


Leabhair faoi chaibidil:
• Scoil an Chnoic le Jacqueline de Brún (An Gúm)
• An Gréasaí Bróg agus na Síoga le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson (An tSnáthaid Mhór)
• Ruball Trioball le Esther Göbl Uí Nualláin (Móinín)

Ar an phainéal le plé a dhéanamh ar na leabhair bhí:
• Robert Mac Millen - Eagarthóir Gaeilge leis an Irish News
• Órfhlaith Ní Chearnaigh a bhí mar bhall d’Aonad na Gaeilge sa BBC tráth den saol agus atá go fóill ag obair leis na meáin chumarsáide.
• Máire Andrews – stiúrthóir ealaíne leis an chomhlacht dramaíochta Ababú.

NIS - íomhá Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Nascleanúint BBC

BBC © 2014 Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.